Macro Building Management Limited, Ionad Acmhainní Pobail Macro,
1 Sráid na Faiche Baile Átha Cliath 7
Teileafón 01 8737009 Faics 01 8737091
  • english

Markets Area Community Resource Centre

Áiseanna & Seirbhísí

Tá oifigí, láthair ghníomhaíochta agus seirbhísí tacaíochta san Ionad Acmhainní Pobail Macro d’aon cheann déag d’eagraíochtaí pobail agus deonacha atá ag saothrú ar son Ceantar an Mhargaidh sa chuid sin ó thuaidh i lár Chathair Bhaile Átha Cliath.

Tá láthair chruinnithe agus áiseanna oiliúna chomh maith ann maraon le T-Dock Café mar áis don earnáil dheonach agus don phobal i gcoitinne.

Uaireanta Oscailte

8.00 r.n. - 10.00 i.n. Luan go hAoine
Oscailte deireadh seachtaine mar a iarrtar

Áitreabh oifigí agus láthair ghníomhaíochta

Cuireann Ionad Acmhainní Pobail Macro oifigí agus láthair ghníomhaíochta ar fáil d’fhoireann aon tionscnamh a bhaineann le Ceantar an Mhargaidh i Lár na Cathrach. Bíonn glantachán oifigí, seirbhís bailithe bruscair agus seomra tae san áireamh.

Cruinnithe agus Áiseanna Oiliúna

Tá dhá sheomra san Ionad Acmhainní Pobail Macro atá oiriúnach do chruinnithe nó do chúrsaí oiliúna.

Seomra Oiliúna

Seomra do18 nduine ar cíos.

Rátaí Cíosa

Tionscnaimh Sheachtracha

€140.00 an lae nó €20.00 na huaire

Tionscnaimh Chónaithe

€80.00 an lae nó €10.00 na huaire

Seomra Cruinnithe

Seomra do12 ar cíos.

Rátai Cíosa

Tionscnaimh Sheachtracha

€15.00 na huaire

Tionscnaimh Chónaithe

Saor in Aisce

Halla Fáilte

Ar fáil ar cíos do thaispeántaisí nó d’ócáidí, costas de réir riachtanais na hócáide.

Is féidir an tIonad Acmhainní a fháil ar cíos deireadh seachtaine ach táille slándála a íoc freisin. Arís ag brath ar riachtanais gearrtar táille idir €25.00 agus €50.00.

Is iad táillí Eircom ar fhad na haimsire a ghearrtar ar ghlaonna Teileafóin ins na Seomraí Cruinnithe nó Oiliúna.

Seomra a chur in áirithe

Is féidir seomra a chur in áirithe trí ghlaoch orainn, r-phost a sheoladh nó bualadh isteach chugainn sa halla fáilte.

Is é 01-8737009 an uimhir chun áirithe. Glaoigh orainn agus déanfaimid luachan de réir do chuid riachtanas.

Caithfear seomra in áirithe a chinntiú 48 uair a’chloig roimh ré. Má chuirtear seomra ar ceal níos déanaí ná 12 uair a’chloig roimh ré caithfear díol as.

Trealamh

Tá mórán saghas trealaimh ar fáil agus caithfear é seo a chur in áirithe roimh ré freisin. Ar an dtrealamh atá againn tá uasteilgeoir/scáileán, Telefís agus fístaifeadán , ríomhaire glúine (agus Pointe Cumhachta), teilgeoir agus scáileán LCD, smeach-chairt agus páipéar.

Uasteilgeoir/scáileán

€10.00 an seisiún

Teilifís agus fístaifeadán

€10.00 an seisiún

Ríomhaire glúine
agus Pointe Cumhachta

€10.00 an seisiún
éarlais €100 inaisíoctha

Teilgeoir/scáileán LCD

€10.00 an seisiún
éarlais €100.00 inaisíoctha

Smeach-chairt agus páipéar.

€5.00 an seisiún

Cóir bia agus Sóláistí

Tugaimid Tae, Caifé agus brioscaí do lucht cruinnithe ar phraghas seasta €1an duine. Agus an seomra á chur in áirithe luaigh é seo freisin má ta sé uait. Tá rogha maith bia san Ionad Acmhainní i T-Dock Café atá ar leibhéal na sráide taobh leis an bhfáiltiú.

Seirbhísí Oifige agus Riaracháin

Tá réimse leathan seirbhísí oifige agus riaracháin san Ionad Acmhainní PobailMacro. Is féidir iad a chur in áirithe ag an Deasc Fáilte.

Ar na seirbhísí sin tá:

Seirbhís Poist

Post a sheoladh gach lá chuig oifig an phoist áitiúil.
Post isteach a dháileadh ar na grúpaí cónaithe san Ionad.

Fótachóipeáil/Faics

Tá fótachóipeáil agus faics ar fáil ar chostas íseal ag an deasc fáilte, uimhir Faics 01 8737091.

Fótachóipeáil

Dubh & Bán 10c an lch.
Daite 15c an lch.

Faics

20c an faics

Administrative Services

Tá seirbhís próiseáil focal ar fáil.

Costas €3.00 an lch. A4

Miontuairiscí a scríobh

Más gá ach ag brath ar fhoireann a bheith ar fáil

Foireann chun tacú le tionscnaimh ar fáil.

Costas €12.50 na huaire

Seirbhísí riaracháin do thionscnaimh

Ar fáil má iarrtar iad

Cabhair i leith Taighde Deontas agus Foirmeacha a líonadh

Ar fáil má iarrtar iad

Seirbhís Lannaithe

Costas €1.00 an lch.

Tréshoilseáin

Ar fáil ag an deasc fáilte

Mionghearradh Rúnda

Seirbhís Bailithe Bruscair

Rátaí na Comhairle Cathrach

Leathanbhanda ar fáil do ghrúpai cónaithe

Costas €25.00 in aghaidh míosa

Páirceáil

Níl aon pháirceáil saor in aisce ag Ionad Acmhainní Pobail Macro.

Is féidir áfach gluaisteáin a fhágáil i gCarr-Chlós Lána Mhuire de chuid na Comhairle Cathrach, sa Charr-Chlós ar Shráid Parnell nó is féidir páirceáil ar Shráid an Rí Thuaidh..

Buaicphointí & ócáidí

Anso tá mná Chlub Cúinne leis na bláthfhleascanna a chóirigh siad siad le linn ranganna.

Buaileann Club na mBan Cuinne le chéile Dé Chéadaoin ar 8 i.n. san Ionad Acmhainní Pobail MACRO. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais ag an deasc fáilte.

Teileafón 01-8737000

Seirbhísí