Macro Search
Séard atá san Ionad Acmhainní Pobail Macro ná áis neamhbhrabúis chun oifigí agus láthair ghníomhaíochta a chur ar fáil d’eagraíochtaí pobail agus deonacha a bhíonn ag obair ar son Ceantar an Mhargaidh atá suite sa chuid sin ó thuaidh i lár chathair Bhaile Átha Cliath.
Tógadh an tIonad Acmhainní Pobail Macro i dtuaisceart lár na cathrach thiar i 2001. Is ann atá timpeallacht den scoth do sheirbhísí mar óige, Míchumas, Cúram Leanaí, TEC don Phobal, Téarnamh tar éis Drugaí, Oideachas Pobail, Seanóirí, Scileanna don Phobal agus soláthar faisnéise.
Tá an tIonad Acmhainní Pobail Macro mar lárionad comhtháite do sheirbhísí agus d’áiseanna Pobail. Tá mórán eagraíochtaí difriúla laistigh, iad go léir lonnaithe in áitreabh slán sábháilte atá oiriúnach do lucht míchumais.
Fáiltímid roimh thuairimí an phobail agus beimid lánsásta dul ag obair leat má tá smaointe agat mar gheall ar aon imeachtaí eile nach bhfuil fós againn. Déanaimid dícheall i gcónaí a bheith cruthaitheach chun go mbeidh rath ar gach ócáid agus í sainiúil speisialta inti féin.
Anso tá mná Chlub Cúinne leis na bláthfhleascanna a chóirigh siad siad le linn ranganna.

Buaileann Club na mBan Cuinne le chéile Dé Chéadaoin ar 8 i.n. san Ionad Acmhainní Pobail MACRO. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais ag an deasc fáilte.
Teileafón 01-8737000
