Macro Search
Eagraíocht neamhrialtais ag a bhfuil stádas carthanachta is ea Seirbhís Eolais do Shaoránaigh Lár na Cathrach. Faightear tacaíocht agus maoiniú ón mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh. Seirbhís is ea í atá saor in aisce, cothrom agus faoi rún. Clúdaítear cearta sibhialta agus sóisialta agus tugtar eolas ar réimse leathan seirbhísí stáit mar a leanas:
Tá eolas le fáil freisin mar gheall ar sheirbhísí agus tacaíochtaí áitiúla maraon le cabhair chun foirmeacha a líonadh nó litreacha a scríobh. D’fhéadfadh an CIS labhairt ar son daoine chomh maith, chun cabhrú leo agus iad ag lorg a gcearta go háirithe más fostaíocht nó leasa shóisialaigh atá i gceist. Is muintir na háite iad breis is 60% dá dtagann agus bíonn timpeall ar 40% ag obair sa cheantar nó ag dul thart. Is mó saghas duine a thagann chuig an Ionad, idir inimircigh, lucht iarrtha tearmann agus teifigh.
Suíomh
Táimid ar leibhéal na sráide san Ionad Acmhainní Macro. Is féidir bualadh isteach chugainn, glaoch orainn nó r-phost a sheoladh.
Uaireanta Oscailte
Luan go hAoine
9.30r.n - 1.00i.n. & 2.00i.n. - 5.00i.n.
(Dúnaimid ar 1.00i.n. ar an gCéadaoin)
Eolas do Theifigh (RIS) |
Dé Máirt (ní gá coinne) |
Comhairle Dlí Saor in Aisce (FLAC) |
Caithfear coinne a dhéanamh |
Comhairle Airgeadais (MABS) |
Caithfear coinne a dhéanamh |
Seirbhís Faisnéise Airgeadais (FISC) |
Caithfear coinne a dhéanamh |
Cuid de Seirbhís Eolais do Shaoránaigh Lár na Cathrach is ea í seo, ag a bhfuil pointe seirbhíse eile ag 13A, Sr. Uí Chonaill Uacht. Fón: 01-8090633
Anso tá mná Chlub Cúinne leis na bláthfhleascanna a chóirigh siad siad le linn ranganna.

Buaileann Club na mBan Cuinne le chéile Dé Chéadaoin ar 8 i.n. san Ionad Acmhainní Pobail MACRO. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais ag an deasc fáilte.
Teileafón 01-8737009
